about-top.jpg

Maoiniú €3M le haghaidh Choláiste Turasóireachta na gCealla Beaga

Tá maoiniú €3M le haghaidh Choláiste Turasóireachta na gCealla Beaga (LYIT) fógartha ag an Aire Stáit Joe McHugh.

Cuirfear an maoiniú seo ar fáil, €750,000 in aghaidh na bliana, mar chuidiú le forbairt Turasóireachta agus Oideachais Dhún na nGall.

Bhí an tAire ábalta an fógra seo a dhéanamh tar éis dó deimhniú a fháil ón Aire Oideachais agus Scileanna Richard Bruton TD.

Dúirt an tAire McHugh, “Tá áthas orm soláthar a dhéanamh arís le haghaidh Dhún na nGall. Tá tionscal na turasóireachta ag dul ó neart go neart anseo sa Chontae; tá cuid de na hóstáin is mó clú i nDún na nGall ar oscailt arís tar éis dóibh a bheith dúnta seal agus na céadta ag obair iontu anois, mar shampla an Shandon Hotel agus Óstán na Rosann (an Waterfront Hotel anois). ”

Tá Scoil Turasóireachta LYIT, atá lonnaithe ar na Cealla Beaga ó 1969 anuas, suite go maith ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin chun freagra éifeachtach a sholáthar ar riachtanais oideachais agus oiliúna, ar bhonn áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta. Dírítear freisin ar mhic léinn idirnáisiúnta, ag freagairt ar easnaimh scileanna anois agus amach anseo.

“Tá campas na gCealla Beaga in Iar-Dheisceart Dhún na nGall fíor-riachtanach maidir leis an réigiún seo a athghiniúint, agus ról lárnach le himirt aige i bhforbairt eacnamaíoch an Chontae.

“Bhí áthas orm Paul Hannigan, Uachtarán LYIT, a chur ar an eolas faoin scéal iontach seo, níos túisce ar maidin; creidim go rachaidh an infheistíocht seo go mór chun sochair na gCealla Beaga féin, agus chun socair Réigiúin an Iar-Dheiscirt agus go deimhin an Chontae ar fad.

“Is mian liom buíochas a ghabháil leis an Aire Richard Bruton as an maoiniú seo a sholáthar; is cinnte go gcuideoidh sé leis an Choláiste Turasóireachta maidir le forbairt agus neartú ins na blianta atá le teacht, ag cur ar a gcumas leanúint orthu ag obair agus ag tógáil ar thionscnaimh idir reatha agus nua.”



Fri, 24 Feb 2017 11:47:00 GMT

news

Tuilleadh sa mhír seo

Cuardaigh

Cuardaigh eolairí foirne & nuacht